r/gaeilge 23h ago

PUT ANY COMMENTS ABOUT THE IRISH LANGUAGE IN ENGLISH HERE ONLY

9 Upvotes

Self-explanatory.
If you'd like to discuss the Irish language in English, have any
comments or want to post in English, please put your discussion here
instead of posting an English post. They will otherwise be deleted.
You're more than welcome to talk about Irish, but if you want to do
so in a separate post, it must be in Irish. Go raibh maith agaibh.


r/gaeilge 23h ago

Please put translation requests and English questions about Irish here

3 Upvotes

Dia dhaoibh a chairde! This post is in English for clarity and to those new to this subreddit. Fáilte - welcome!
This is an Irish language subreddit and not specifically a learning
one. Therefore, if you see a request in English elsewhere in this
subreddit, please direct people to this thread.
On this thread only we encourage you to ask questions about the Irish
language and to submit your translation queries. There is a separate
pinned thread for general comments about the Irish language.
NOTE: We have plenty of resources listed on the right-hand side of r/Gaeilge (the new version of Reddit) for you to check out to start your journey with the language.
Go raibh maith agaibh ar fad - And please do help those who do submit requests and questions if you can.


r/gaeilge 1h ago

Sin é mo Google Doc le gach coláiste Gaeltacht, inis dom faoi rudaí is féidir liom a cuirfidh.

Thumbnail docs.google.com
Upvotes

r/gaeilge 21h ago

Grammar Ceist faoi gramadaí- ospidéal san Séamas

20 Upvotes

Cén fáth a bhfuil sé "ospidéal san Séamas" in ionad "ospidéal naomh Séamas"? (deireann ospidéal san Séamas ar an LUAS)

Tá roinnt ospidéil eile leis an ainm "saint __" atá "naomh ___" as Gaeilge.

(tá brón orm, níl mo chuid Ghaeilge go hiontach!!)


r/gaeilge 1d ago

Cén chaoi a n-aistrítear an struchtúr Béarla seo go Gaeilge?

10 Upvotes

Cén chaoi ar cheart an struchtúr Béarla seo atá le feiceáil sna samplaí thíos a aistriú go Gaeilge?

Tá mé sách cinnte nach féidir aistriúcháin na n-abairtí thíos a chríochnú le "a bheith" nuair atá ainmfhocail i gceist. Is é sin le rá nach féidir "is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith" a rá cuir i gcás.

Tá sé seo cosúil go pointe áirithe leis an gcaoi nach féidir "ba mhaith liom a bheith múinteoir" a rá - caithfear "ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir" a rá ina áit (ach is féidir "ba mhaith liom a bheith greannmhar" a rá áfach, díreach le bheith soiléir).

An méid sin ráite, an n-oibríonn na haistriúcháin seo a leanas nó an bhfuil struchtúr eile ag teastáil?

Aon chomhairle a bheadh ina chabhair mhór!

"she's the kind of woman that she wants to be" - is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith inti

"that's the kind of doctor you should be" - sin é an saghas dochtúra ar cheart duit a bheith ionat

"they're the kind of workers that they would love to be" - is iadsan na cineálacha oibrithe ar bhreá leo a bheith iontu

"is that the kind of person that you need to be" - an é sin an sórt duine a gcaithfidh tú a bheith ionat?


r/gaeilge 1d ago

Ag lorg tuistí in iar-dheisceart Londan

15 Upvotes

Haigh, táim lonnaithe in iar-dheisceart Londan ar an Líne ó Thuaidh (Nothern Line). Ba bhreá liom bualadh le tuismitheoir nó bheirt a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag tógáil páiste/í le Gaeilge (nó atá le bheith páiste/í a thógáíl le Gaeilge).

Táim ar an eoals faoi Teanga Tí - faighim an nuachtlitir cheana féin agus tá sé mar rún agam freastal ar na imeachtaí ar líne i gceann roinnt míonna.

Bíonn grúpa ag tarlú in Camden sa Lárionad Éireannach darb ainm Scéilíní, ach ba mhaith liom run inteacht nó duine inteacht níos áitiúla más féidir.

Buíoch de smaointí agus moltaí!


r/gaeilge 5d ago

Trodaí Sráide

Thumbnail gallery
1.3k Upvotes

r/gaeilge 4d ago

Cad é an rud a gcloisim ar an raidió

16 Upvotes

Cloisim é an t-am ar fad. Is cosúil go bhfuil siad ag rá 'jag well'. D'fhéach mé i mo foclóir agus ar teanglann.ie le haghaidh focail a thosaíonn le 'deag" agus 'dealg' ach ní raibh an t-ádh liom.


r/gaeilge 5d ago

Wanagram — cluiche anagram, inimeartha i nGaeilge

12 Upvotes

A chairde, chuir mé cluiche beag anagram le chéile darb ainm Wanagram — do 1–4 imreoirí, agus tá Gaeilge ar cheann de na 12 theanga a dtacaítear léi. Faigheann gach imreoir na litreacha céanna ó fhréamhfhocal 7 litir, agus is é an aidhm an oiread focal agus is féidir a aimsiú in 3 nóiméad. Tá Cluiche Aonair, seomraí príobháideacha do chairde, agus Dúshlán Laethúil ann freisin. Gan chuntais, gan fógraí.

📥 Íoslódáil: https://wanagram.net/get
📜 Rialacha iomlána: https://wanagram.net/rules/ga

Aiseolas fáilte, go háirithe má aimsíonn sibh aon rud as áit sa liosta focal Gaeilge!


r/gaeilge 6d ago

Cad iad na seanfhocail is fearr libh?

23 Upvotes

Dia daoibh, a chairde!

Táim ag cleachtadh scríbhneoireachta as Gaeilge, mar anois tá mo chuid Gaeilge go briste. Ba mhaith liom níos mó frásaí a fhoghlaim. Tá mo stór focal an-bheag, agus is teanga álainn (agus greannmhar, go minic) í an Gaeilge :)

Ba bhreá liom seanfhocail áitiúla a chloisteáil. Cad iad na habairtí aisteacha a chloiseann sibh i bhur sráidbhailte?


r/gaeilge 7d ago

Slay!

17 Upvotes

Ar feadh na bliana seo caite, thosaigh me ag feiceáil daoine ag baint úsáid as an litriú "slé" mar ghaelú don fhocal "gen Z / queer slang" seo níos minice 's níos minice. Cuireann an fhíric sin brón orm mar nár shíl aon daoine gur drochlitriú mí-oiriúnach é sin don fhocal?
Ní leanannn an litriú sin na rialacha litrithe ar chor ar bith. Ní baintear úsáid as ⟨sl⟩ roimh ⟨e, é, i, í⟩ chun an fhuaim i slán a scríobh ach an fhuaim i slí.
Ní leanann an litriú sin an patrún d’fhocal iasachta eile, m.sh. tae, traein, draein, craein, traenáil, srl.
•• Ar ndóigh, úsáidtear ⟨é⟩ i gcásanna éagsúla, chun an fhuaim cheart a léiriú go háirithe; m.sh. péint (bheadh paeint "pwaint" srl.), tréas, béar, gléas, srl.
Ó cheart, is briathar ordaitheach é "slay!" agus ní oibríonn an litriú "slé" dó mar gheall ar an fhíric seo fosta.

Tá moltaí agam maidir le litriú nua:
1) Mholfainn slaeigh mar nua-litriú: tá an foirceann briathartha -igh aige agus léiríonn sé na fuaimeanna cearta i gcúige Uladh agus i gcúige Chonnachta (níl sé an cas céanna sa Mhumhain a mbeadh sé léite mar slaeig faraor). D’oibreochadh sé mar bhriathar cosúil le pléigh, sáigh, glaoigh, clóigh; mar shampla:
• "Slaeigh, a ríon!"
• "Creideann sí gur slaenn sí leis na feistis sin? …níl mé ag teacht leis sin."
• "Low-key, shlaeigh tú."

2) Bheadh slae níos simplí mar intriacht (agus ní bheadh difríocht idir na canúintí) ach ní oibhreochadh sé mar bhriathar faraor. Measaim gur dócha go nglacfaidh an gnáthphobal an rogha seo ná an chéad rogha eile mar tá sé níos giorra.

3) Níl mé i ngrá leis an rogha seo ach d'oibreochadh slaeáil: tá cuma focail eile iomlán aige, ach, oibríonn sé mar bhriathar de bharr an fhoircinn bhriathartha -áil (atá le feiceáil i bhformhór na mbriathra iasachta).

An aontaíonn tú go mbeadh an litriú slaeigh / slae níos oiriúnaí? Le do thoil, cabhair liom stop a chur le "slé" go deo!

Bhí sé ar intinn agam an postáil seo a scríobh tamall, nuair a chonaic me clár TG4 ag úsáid an litriú "slé" cúpla seachtain ó shin go háirithe. Ar ndóigh, ní chreidim gur fadhb is tromchúisí an domhain í seo, ach, ba mhaith liom fíor-athrú a feiceáil i litriú an fhocail seo.

[Eagarthóireacht: nach -> nár; scrios mé uaschamóga neamhbheartaithe]


r/gaeilge 7d ago

Wedding reading/poem as gaeilge

7 Upvotes

Dia dhuit :)

An féidir éinne cabhrú liom?

Tá mé ag lorg léamh deas le haghaidh mo phósta. Tá sé ag tarlú sa Bhreatain Bheag, ach táimid ag iarraidh Gaeilge a bheith againn ar an lá. An t-aon rud ná nach féidir linn aon rud reiligiúnach a bheith againn. Bheadh aon rud an-chabhrach.

Go raibh míle maith agaibh!

Apologies for my bad Irish - it's been many years since I used it regularly! As an Irish couple living in Wales, we'd love to include an Irish language element in our ceremony. Any suggestions would be amazing, it doesn't necessarily need to be about love.

GRMA


r/gaeilge 7d ago

Caoineadh: amhránaíocht traidisiúnta Gaelach sochraide

Thumbnail youtube.com
14 Upvotes

seo é an fiseán amháin den stíl caoineadh traidisiúnta. Ar a laghad, sin a rud a deir m'fhoinsí.

Céard iad do chuid smaointí?

Bail ó Dhia ort, a chairde.


r/gaeilge 8d ago

Cá bhfuil an áit is fearr le Gaeilge a foghlaim ar an fón no ríomhaire?

51 Upvotes

Bhí me ag foghlaim Gaeilge le bliain anuas anois, úsáidim Duolingo agus ‘speaking irish’ podcast ar Spotify. Úsáidim instagram agus Reddit freisin, ach táim ag lorg cúrsa maith, ní Duolingo ró mhaith ach cabhraíonn sé uaireanta. Arís, tá brón orm, ní mo Gaeilge ró mhaith, go raibh maith agat!


r/gaeilge 8d ago

Ag lorg dhá thicéad don láthair champála Ghaeltachta ag EP

15 Upvotes

Cheannaigh mise agus cara liom ticéid ar athdhíol agus níl na ticéid don láthair champála speisialta ar fáil a thuilleadh.
Is as an nGaeltacht muid agus ba bhreá linn an deireadh seachtaine a chaitheamh le slua gaelach ag labhairt ár dteanga dhúchais!


r/gaeilge 12d ago

BBC Filíocht Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Thumbnail bbc.com
21 Upvotes

r/gaeilge 12d ago

Greannán Mar a Gheall ar Spiderman nó Shárlaocha eile

11 Upvotes

An bhfuil eolas ag aoinne maidir le Greannán as Gaelige? Bhíos ag curdach cúpla cinn tóisc go mbaineann na páistí sult as na leabhair a leite ag mo bhean leo. Ach is deacair gaelige a chur orthu agus ag leamh ag an am ceanna. Gabh mo leithscéal as mo chuid gaelige, is fhad ó a bhíos ag scríobh.


r/gaeilge 13d ago

Focal do leanbh

18 Upvotes

An bhfuil aon focail gleoite do

-tóin

-fart (níl a fhios agam cad é seo as Gaeilge)

Agus mé ag canadh ag athrú chlúidín mó linbh?


r/gaeilge 13d ago

Grammar Staidéar ar ghramadach don hArdteist

11 Upvotes

An bhfuil aon tips ag aon duine chun staidéir a dhéanamh ar gramadach an Ghaeilge? Maidir le baninsnce, firinscne srl agus go ginearálta tá mo Ghaeilge labhartha i bhfad níos fearr na mo Ghaeilge scríobtha. Tá dísléicsia agam agus is streachailt é seo dom. LDT agus grma 🙏


r/gaeilge 13d ago

An bhfuil na focail seo go léir dlisteanach don bháisteach?

26 Upvotes

Báisteach, Fearthainn (Rain)

Uisce na spéire – rainwater (=’skywater’)

Brádán/Cafarnach/Draonán/Draothán/Fliuchbháisteach/Salachar/Seadbháisteach/Siobráil/Sreangán/Sriabhán – drizzle

Ceobhrán (light drizzle) / Ceobháisteach (heavy drizzle)

Cith/Fras/Múr/Múraíl/Scráib/Cámar/Scrabh – shower (general word)

Múirín (Brief shower) / Bláithchith (Fresh shower) / Fraschith, Liongar, Tonnchith, Bailc, Dallcairt (heavy shower)

Múirling, Sprais, Spairn (heavy sudden shower); Búisteog (sudden shower); Cnap báistí (sudden downpour)

Barrchith, Bláithchith, Ceathán (Light shower), Craobhchith, Craobhmhúr (Slight shower)

Cith toirní – thunder shower, Gailbh – windy shower

Stealltarnach, Stealladh, Taoisc, Tonnchith, Rilleadh, Bailc, Balcadh, Díle,  Batar, Batharnach, Gleidearnach, Péatar, Spút, Tuile, Forlacht, Tulca (Downpour)

Caidhleadh báistí / Gailfean / Léidearnach (driving rain)

Bús / Clagarnach / Liagarnach / Ragáille / Clascairt (Pelting Rain) Tuile liag (torrential) Tabhairt mhaith báistí (a good giving of rain)

Leatromach (local rain)

Breacbháisteach (occasional rain)

Seadbhraon (blown drops of rain), Seadbháisteach (rain in the wind)

Craobhmhúr (scattered rain), Spútrach (splashing), Spréachbhraon (Sprinkling of rain)

Cithnéal, Frasnéal, Múr báistí, Murabhán, Scamall báistí, Smúr báistí (rain cloud);

Tá craobh fhliuch ar an lá (It’s going to be a wet day)

Aimlithe (spoiled by rain)

Fáfall (easing of rain), Turadh (end of rain)

Tirim (no rain (dry!))


r/gaeilge 13d ago

Cén teanga a bhfuil an fhuaim is Gaelí aici i do thuairimse, ach nach teanga Cheilteach í?

15 Upvotes

Mhoithigh mé "Russian" go leor, nó Rúisis meascthaí le Spánnis.


r/gaeilge 14d ago

Leagan cainte barrúil

12 Upvotes

Ar chuala aon duine trácht ar an nath cainte "fiafraigh do mo thóin é i gcogar" riamh? B'fhéir go bhfuil dul amú orm ó thaobh litriú de.


r/gaeilge 16d ago

Prós atá oiriúnach don idirbhliain

12 Upvotes

Haigh a chairde,

Is múinteoir meánscoile mé agus táim ag lorg prós nó úrscéal atá oiriúnach don idirbhliain. Is féidir liom an seanchúrsa a úsáid (Cáca milis, hurlamaboc srl.) ach chun an fhírinne a rá ní thaitníonn siad ar fad liom. An bhfuil aon moltaí ag éinne? Ba mhaith liom ceann atá ar fáil ar líne más féidir.

GRMA!


r/gaeilge 17d ago

Ag smaoineamh ar “Céilim” mar ainm do leanbh. Cad é bhur mbarúil?

19 Upvotes

Tá babaí ar an bhealach againn agus, más gasúr é, ba bhreá le hiníon s’againn Céilim a thabhairt air. Is breá léi na leabhair Céilim agus is uaidh sin a fuair sí an smaoineamh.

Is maith linn féin an t-ainm fosta agus tá muid ag smaoineamh faoi é a chur ar ár "maybe list", ach ní thig liom eolas ar bith a fháil fá dtaobh den ainm taobh amuigh de na leabhair sin. Níl mé cinnte an ainm Gaeilge atá in úsáid é, nó an ainm ar leith a chum scríbhneoir na leabhar don charachtar. Níor bhuail mé le duine ar bith darb ainm Céilim fos ach oiread.

Ar chuala duine ar bith agaibh Céilim in úsáid mar ainm duine roimhe seo? Nó an bhfuil a fhios ag duine ar bith cá as a dtáinig an t-ainm nó an bhfuil stair ar bith leis?

Agus fiú mura bhfuil sé coitianta, cad é bhur mbarúil air mar ainm do ghasúr? An síleann sibh go n-oibreodh sé mar ainm ceart? Beidh an leanbh ag labhairt Gaeilge sa bhaile agus ag freastal ar Ghaelscoileanna, agus mar sin de beidh na daoine thart air in ann a ainm a léamh agus a rá don chuid is mó.

Grmma!


r/gaeilge 18d ago

Ag lorg daoine le bheith ag caint agus ag cleachtadh Gaelainne

21 Upvotes

Ba mhaith liom mo chuid Gaelainne a úsáid, is aoibhinn liom teanga mo thíre a fhoghlaim ach ní bhíonn an ócáid le bheith á labhairt. Déarfainnse go bhfuil meánleibhéal agam inti.