r/gaeilge • u/zwiswret • 7d ago
Slay!
Ar feadh na bliana seo caite, thosaigh me ag feiceáil daoine ag baint úsáid as an litriú "slé" mar ghaelú don fhocal "gen Z / queer slang" seo níos minice 's níos minice. Cuireann an fhíric sin brón orm mar nár shíl aon daoine gur drochlitriú mí-oiriúnach é sin don fhocal?
• Ní leanannn an litriú sin na rialacha litrithe ar chor ar bith. Ní baintear úsáid as ⟨sl⟩ roimh ⟨e, é, i, í⟩ chun an fhuaim i slán a scríobh ach an fhuaim i slí.
• Ní leanann an litriú sin an patrún d’fhocal iasachta eile, m.sh. tae, traein, draein, craein, traenáil, srl.
•• Ar ndóigh, úsáidtear ⟨é⟩ i gcásanna éagsúla, chun an fhuaim cheart a léiriú go háirithe; m.sh. péint (bheadh paeint "pwaint" srl.), tréas, béar, gléas, srl.
• Ó cheart, is briathar ordaitheach é "slay!" agus ní oibríonn an litriú "slé" dó mar gheall ar an fhíric seo fosta.
Tá moltaí agam maidir le litriú nua:
1) Mholfainn slaeigh mar nua-litriú: tá an foirceann briathartha -igh aige agus léiríonn sé na fuaimeanna cearta i gcúige Uladh agus i gcúige Chonnachta (níl sé an cas céanna sa Mhumhain a mbeadh sé léite mar slaeig faraor). D’oibreochadh sé mar bhriathar cosúil le pléigh, sáigh, glaoigh, clóigh; mar shampla:
• "Slaeigh, a ríon!"
• "Creideann sí gur slaenn sí leis na feistis sin? …níl mé ag teacht leis sin."
• "Low-key, shlaeigh tú."
2) Bheadh slae níos simplí mar intriacht (agus ní bheadh difríocht idir na canúintí) ach ní oibhreochadh sé mar bhriathar faraor. Measaim gur dócha go nglacfaidh an gnáthphobal an rogha seo ná an chéad rogha eile mar tá sé níos giorra.
3) Níl mé i ngrá leis an rogha seo ach d'oibreochadh slaeáil: tá cuma focail eile iomlán aige, ach, oibríonn sé mar bhriathar de bharr an fhoircinn bhriathartha -áil (atá le feiceáil i bhformhór na mbriathra iasachta).
An aontaíonn tú go mbeadh an litriú slaeigh / slae níos oiriúnaí? Le do thoil, cabhair liom stop a chur le "slé" go deo!
Bhí sé ar intinn agam an postáil seo a scríobh tamall, nuair a chonaic me clár TG4 ag úsáid an litriú "slé" cúpla seachtain ó shin go háirithe. Ar ndóigh, ní chreidim gur fadhb is tromchúisí an domhain í seo, ach, ba mhaith liom fíor-athrú a feiceáil i litriú an fhocail seo.
[Eagarthóireacht: nach -> nár; scrios mé uaschamóga neamhbheartaithe]
2
2
u/Bl00mies 3d ago
Lean ort ag slae (is fearr liom slae mar ainm briathartha mar feidhmionn sé níos fearr mar ainmfhocal ná slaeáil. Ach d'fhéadfadh an dá cheann a bheith ann). Seo slae ollmhór!